Cén uair? | 24 Meitheamh 2021 |
Cén áit? |
Ar líne |
Eagraíocht |
• Cuibhreannas an ELRC (Comhordú Acmhainní na dTeangacha Eorpacha) |
Tá ár dtodhchaí ilteangach á mhúnlú ag an Teicneolaíocht Teanga. Tá an chaoi a ndéanann muid idirghníomhú lenár ngléasanna agus lena chéile á múnlú cheana féin, chomh maith leis an gcaoi a ndéanann muid siopadóireacht, obair agus taisteal. . Athmhúnlaíonn sé níos mó agus níos mó an t-idirghníomhú a bhíonn againn le soláthraithe seirbhísí, idir phoiblí agus phríobháideach. Tá ár saol, ár ngnóthaí agus ár gcórais riaracháin á gcumasú cheana féin ag cláir a cheartaíonn earráidí litrithe go huathoibríoch agus a chuidíonn le scríbhneoireacht shofaisticiúil, ag cúntóirí digiteacha a aistríonn ár nglór chuig teachtaireachtaí téacs ar fhóin phóca, ag botaí a fhreagraíonn ár nglaonna ar an mbanc nó chuig eagraíochtaí coimirce sóisialaí, ag córais a dhéanann aistriúchán uathoibríoch ó theanga iasachta, agus ag tuilleadh eile nach iad. Ach an bhfuil muid in ann ár dteanga a úsáid ina hiomláine inár n-idirghníomhaíochtaí digiteacha? An bhfuil a dóthain tacaíochta ann dár dteanga agus an bhfuil sí réidh le coinneáil suas le dul chun cinn teicneolaíochta ré na hIntleachta Saorga?
Tabharfar aghaidh ar na ceisteanna seo sa tríú ceardlann na hÉireann de Chomhordú Acmhainní na dTeangacha Eorpacha (ELRC) agus féachfaidh sé le rannpháirtithe a mhealladh chun plé tairbheach a dhéanamh ar stádas agus ar fhéidearthachtaí na Teicneolaíochta Gaeilge. Beidh idir fhorbróirí, chomhtháthairí agus úsáideoirí teicneolaíochta teanga ann, ón earnáil phríobháideach agus phoiblí araon, agus roinnfidh siad eispéiris, riachtanais agus bealaí chun idirghníomhú digiteach a chlaochlú san Eoraip ilteangach seo na dTeicneolaíochtaí Teanga. Ar deireadh, pléifidh muid an chaoi a bhféadann sonraí teanga, is é sin téacsanna agus urlabhra, forbairtí san Intleacht Shaorga a chothú.
Is ócáid saor in aisce an cheardlann ELRC, ach ní mór clárú roimh ré. Cláraigh anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le bainisteoir na ceardlainne áitiúla: An Dr. Teresa Lynn, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, elrc.ireland@adaptcentre.ie
Clárúchán don Cheardlann
09:30 – 09:40 |
Fáilte agus réamhrá An Dr. Teresa Lynn, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
09:40 – 10:00
|
Poitéinseal na Teicneolaíochta Teanga agus na hIntleachta Saorga – cén áit a bhfuil muid, cén áit ar chóir dúinn dul An Dr. Brian Davis, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
10:00 – 10:20 | Ardán AT an CEF
Vilmantas Liubinas |
10:20 – 10:40 |
Intleacht Shaorga agus Teicneolaíochta Teanga don Ghaeilge An Dr. Teresa Lynn, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
10:40 – 10:55 | Sos Caife |
10:55-11:15 |
Sonraí teanga a chruthú, a bhainistiú agus a roinnt – léargas ginearálta Helen McHugh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
11:15-11:30 |
Sonraí a Roinnt in Éirinn agus Treoir an AE um Shonraí Oscailte Helena Campbell, Aonad Sonraí Oscailte na hÉireann, |
11:30 - 11:40 | Sos Beag |
11:40 - 11:55 |
Léargas Ginearálta ar an Tionscadal PRINCIPLE Jane Dunne, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
11:55 – 12:05 |
Cás úsáide Teicneolaíochta Teanga san Earnáil Phoiblí Micheál Ó Maolruanaidh, Foras na Gaeilge |
12:05 – 12:15 |
Fiontair FBM Teicneolaíochta Teanga na Gaeilge & an Earnáil Phoiblí Róisín Moran, Iconic Translation Machines |
12:15 – 12:25 |
Seisiún Ceisteanna agus Freagraí Modhnóir: Jane Dunne, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
12:25 – 12:30 |
Tátail An Dr. Teresa Lynn, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |